Res publica

Nath Laidine í res publica arb é is brí leis ná gnó nó ábhar nó rud a bhaineann leis an bpobal. Is é an bhrí le res ná gnó nó rud, agus is aidiacht é publicus, publicum, publica a thagraíonn don phobal nó don phoiblíocht, cosúil leis an aidiacht Gaeilge "poiblí".

Ina lán teangacha, tá an focal a chiallaíonn poblacht bunaithe ar an nath Laidine seo, cosúil le republic an Bhéarla, Republik na Gearmáinise, république na Fraincise, республика/respublika na Rúisise agus rzeczpospolita is republika na Polainnise - is aistriúchán focal ar fhocal ar an nath Laidine é an chéad fhocal acu, nach dtagraíonn ach do na poblachtaí sa Pholainn féin.

Mar sin féin, is gá cuimhne a choinneáil air nach ionann res publica agus poblacht. Sa Laidin, is gnách feidhm a bhaint as an focal res ("rud", "gnó") leis na hainmfhocail theibí a sheachaint - mar shampla, deirtear res rustica nó "an rud tuathúil", "an gnó tuathúil" sa chiall "talmhaíocht". Is é is bunbhrí le res publica, dá réir sin, ná "an rud poiblí", "an gnó poiblí", "na cúrsaí pobail".


© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search